Tháinig muid le chéile ar an 11 Meán Fómhair ag a 9 i.n le Titeann Rudaí as a Chéile le Chinua Achebe a phlé. Is leabhar fíorspéisiúil í a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aige ó foilsíodh i 1958 é. Tá an-saibhreas san aistriúchán déanta ag Irene Duffy Lynch agus tarraingíonn sí ar na blianta a chaith sí féin ina cónaí sa Nigéir. Tá sé ar fáil i siopa Cló Iar Chonnacht sa Spidéal.


'Fonn a níos fiach' a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann

Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin

an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir. I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh i gCorca Dhuibhne.

Bhí oíche dheas ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an 10ú Aibreán ag a 9, nuair a phlé muid Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin i dTigh Mholly. Is claisic athfhoilsithe í seo agus tá sé ar fáil ó Leabhar Breac agus i siopa Cló Iar Chonnacht sa Spidéal.


Chas muid le chéile ar an 13 Márta ar 21:00 i dTigh Mholly leis an leabhar Makaronik le Dave Duggan a phlé. Úrscéal suite i bhfo-ionad sonraí, i nDoire, ar imeall na hImpireachta, sa bhliain 2584 atá sa leabhar seo. Na rudaí is tábhachtaí san Impireacht ná dualgas agus dílseacht. Cosúil leis an sochaí i 1984 le George Orwell tá teanga ar leith ag an Impireacht, Empirish, chun an pobal a choinneáil faoi smacht agus mar sin níl an focal "rogha" ann. Ach nuair a dhiúltaíonn Makaronik, dul go dtí an Lár leis na hoifigigh mheánchéime Diarmuid agus Gráinne céard atá chun tarlú?

Ar an óiche sin bhí ár CCB againn freisin. Fáilte mhór roimh Bhreandán agus Liam ar an gcoiste!



Tháinig Club Leabhar Chois Fharraige le chéile ar an 13 FeabhraMar a Bhí ar dTús: Cuimhní Seanghasúir
ag 20:30 i dTigh Mholly leis an leabhar Mar Sin a Bhí ar dTús; Cuimhne Seanghasúir leis an údar cailiúla Joe Steve Ó Neachtain a phlé. Is iad eachtraí Phádraic Chóil Ruaidí agus a mhuintir a iompraíonn téamaí an leabhair. Scéal daonna, scéal pobail ach scéal Joe Steve freisin é. Bhí an-áthas orainn go raibh Joe Steve in ann a bheith linn ar an oíche chun an leabhar iontach seo faoi na heachtraí ón seanaimsir a phlé. Ar an oíche bhí sé ana-dheas go raibh ár gcairde ón gClub Leabhar Locha Riach in ann tiacht anoir chun bheith in éindí linn arís.


Chas muid le chéile ar an 16 Eanáir ag 20:30 i dTigh Lámh, Lámh Eile le Alan TitleyMholly leis an leabhar Lámh, Lámh Eile le Alan Titley a phlé. Úrscéal bleachtaireachta le heachtraí atá suite i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i gCill Chainnigh, i gContae na Mí, i gCorcaigh, i nGaillimh, i nDoire Cholm Cille agus in áiteanna eile idir eatarthu! I gcroílár an scéil tá an bleachtaire príobháideach Shamus agus an fear bocht ag iarraidh tiacht ar pé duine nó dream a bhain lámh de fhear céile bhean den lucht siúil a tháinig chuige ag tus an leabhair; tá an lámh aici, ach tá an fear féin ar iarraidh.



Dialann Mo Mháthar le Pádraic Breathnach

Tháinig Club Leabhar Chois Fharraige le chéile Dé Céadaoin 12 Mí Na Nollag ar a leathuair tar éis a hocht i dTigh Mholly leis an leabhar Dialann mo Mháthar le Pádraic Breathnach ó Mhaigh Cuilinn a phlé. Tríd dhialann an phríomhcharachtair Péarla leanann an léitheoir bás mall caidrimh agus an scéal ag bogadh ó lár na tíre soir go BÁC agus Londain, siar go Ceanada roimh tiacht ar ais aris go hÉirinn. Buíochas le Foras na Gaeilge bhí an leabhar ar fáil ar €2 dár mbhaill. Bhí an t-údar linn ar an oíche agus tar éis deis iontach éisteach leis ag léamh sleachta ón leabhar bhi an-phlé againn faoi.




Mac na Mná Déirce le Séamus Ó Ceallaigh.
Chuaigh Club Leabhar Chois Fharraige ar an mbóthar go Baile Locha Riach
ar an Déardaoin, an 8ú Samhain do sheoladh agus léamh drámata ar "Mac na Mná Déirce" le Séumus Ó Ceallaigh. Scríobh sé an dráma seo i 1905 agus rinneadh aistriúchán air i 1907. Bhí sár-oíche in éineacht le Club Leabhar Eachraíochta agus Sóisialta Bhaile Locha Riach agus ba í Bláthnaid Ní Chofaigh a sheoladh an leabhair.




Is Seal san Aetóip; Sa tóir ar Áirc an Chonartha Seal San Aetóip le Frank Reidy
le Frank Reidy a léigh Club Leabhar Chois Fharraige sa mhí roimh Fhéile Leabhar Chois Fharraige. Ar a 8 a chlog, 12 Deireadh Fómhair, Tigh Mholly bhí Frank Reidy linn le plé agus taispeántas a dhéanamh ar a chuid leabhar taistil.
Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas Áirc An Chonartha ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc, ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas pearsanta ar an Aetóip agus léirítear gáire agus gliondar, aois agus uaisleacht, creideamh agus cairdeas: taisteal, taiscéalaíocht agus tráchtaireacht curtha os ár gcomhair mar lón anama agus machnaimh.




Tháinig Club Leabhar Chois Fharraige le chéile arís Dé Céadaoin, 12 Meán Fómhair, i dTigh Mise Áine: An Bhean IstighMholly ag a 9 chun plé a dhéanamh ar dhá leabhar fíor spBróga Johnny Thomáiséisiúil, Mise Áine: An Bhean Istigh leis an bhfile Áine Durkin agus Bróga Johnny Thomáis le Jackie Mac Donncha, a bhuaigh an chéad duais i gComórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht.
Tá áthas orainn go mbeidh an bheirt scríbhneoirí sin i measc ár n-aoíanna ag Féile Leabhar Chois Fhárraige i mí Dheireadh Fómhair.



Tá na leabhra ar fáil go háitiúil i siopa Chló Iar Chonnacht sa Spidéal; lascaine dár mbaillé.   



Chas muid le chéile ar an 13ú Meitheamh i dTigh Mholly

Idir Neamh Is Talamh le Joe Steve Ó Neachtain.

chun an t-úrscéal seo, Idir Neamh is Talamh le Joe Steve Ó Neachtain, a phlé.


Cur síos ar an úrscéal ó Chó Iar-Chonnacht:

Coiscéimeanna neamhshaolta i ndubh na hoíche ag coinneáil comhluadair le fear óg ar a bhealach abhaile tar éis céilí; scuaine na marbh ag siúl roimh éirí na gréine; buachaill óg le feiceáil aríst ag a dheartháir blianta fada tar éis a bhá, ach i riocht eile – mar a deir an t-údar féin: “mo leagan fhéin den chineál scéalaíochta a bhíodh ag cur daoine á gcoisreacan fhéin le linn m’óige.” Ach ní síscéalta ná scéalta taibhsí amháin atá sa gcnuasach seo: tá scéalta ann faoi iontais na hóige, faoi uaigneas na seanaoise, faoi theaspach an ghrá. Is suarach an biachlár nach bhfuil éagsúlacht blas air.


Tá an leabhar ar fáil ó www.CIC.ie agus ón siopa leabhar sa Spidéal.




 

Tháinig Club Leabhar Chois Fharraige le chéile mí Mac Dé, Cé hÉ? le Pádraig Standún.Bealtaine le Mac Dé, cé hé? le Pádraig Standún a phlé. Bhí deichniúr i láthair ar an oíche agus bhí comhrá bríomhar ann maidir leis an leabhar. Bhí idir mhagadh agus dáiríre ann agus bhí na carachtair éagsúla atá i bpobal beag faoin tuath le haithint láithreach idir Margie an tSiopa agus Katie an tSléibhe. Bhí an t-ábhar é féin an-tráthúil. Cén ról go baileach atá ag an Eaglais mhór ag an sagart paróiste? Comhairleoir agus oibrí sóisialta nó deachtóir tuaithe! Luíonn tuairim Standún leis an gcéad rogha agus is léir a mheon oscailte sa gcur síos a dhéantar ar na pearsana. Is dóigh i ndáiríre gur níos mó faoi ról an tsagairt sa tsochaí nua-aimseartha an leabhar ná aon rud eile. Tharraing an leabhar neart cainte agus smaointeoireachta agus is fiú go mór é a chur sa mhála do laethanta saoire an tsamhraidh. 


Tá an leabhar ar fáil ó www.CIC.ie agus ón siopa leabhar sa Spidéal.




Léigh Club Leabhar Chois Fharraige Beatha Dhónaill Dhuibh le Séamus Barrra Ó Suilleabháin mar leabhar mí Aibreáin 2018 agus bhí an-oíche againn le dáréag i láthair ar an 11ú chun é a phlé. Oscailt súl a bhí ann dúinn ar an ngalar dubhach agus a thionchar síoraí ar shaol an duine óig sa gcás seo. Rinneadh plé ar an gciall a bhain le “Dónall Dubh” é féin, gur meafar don fhiach dubh a bhí ann agus dá bharr don galar dubhach is dóigh. Aontaíodh gur siombal Beatha Dhónaill Dhuibh le Séamus Barra Ó Súilleabháin.an-éifeachtach agus an-fhísiúil é seo, don galar dubhach mar éan creiche ag piocadh ort i gcónaí mar a phiocfadh an fiach dubh na súile as uan marbh ar an sliabh. Tugann an carachtar Dónall Dubh deis don fhile an domhan atá feicthe aige mórthimpeall air a phlé go fíreannach. Chonacthas dúinn léiriú neamhbhalbh ar ilchultúrachas cathair Londain. Rinneadh neart plé ar an teanga chomh maith. Bhí deacrachtaí ag roinnt leis an gcanúint ach mar sin féin thaitin sé linn gur chloígh an file lena dhúchas Ciarraíoch agus lena ghuth féin. Bhí plé déanta ar Ghaeilge an aos óig “laidhc, raithneach” agus ar an duine ar seachrán a bhí mar téama láidir ann. Ní raibh focal ar bith as riocht sa saothar seo. Bhí chuile shórt tomhaiste go beacht aige mar tá le feiceáil sa dán “Scrios” agus léiríonn an file domhan mhuintir an bhaile mór idir dream an “council estate”, an lucht siúil, an imirceach mar pháiste, an duine óg ar seachrán agus an agóidí. Cinnte, tugann an saothar seo leis guth sainiúil nuálach. Tugadh faoi deara chomh maith cé chomh léannta is atá an file lena chuid tagairtí do Ó Riordáin “mó chló cheart” agus eile. Cé gur saothar dúshlánach é dóibh siúd nach bhfuil cleachtadh acu ar chanúint na Mumhan gan amhras is saothar é gur fiú go mór a léamh agus a tharraing go leor ceisteanna agus plé ag Club Leabhar Chois Fharraige.




An file ag Ceiliúradh 20 bliain TG4, Oíche Shamhna 2016.



Dé Céadaoin 14ú Márta 2018 chas muid le chéile i dTigh Mholly leis an leabhar beathaisnéise stairiúil Mise Raiftearaí, An Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin a phlé.

Mise Raiftearaí, An Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin.

Bhí an t-údar linn ar an oíche len é a phlé leis an dáréag ball a bhí i láthair. Aontaíodh gur bhain na baill uilig fíor-thaitneamh as an leabhar de bharr a éascacht léitheoireacht agus a bhealach inste. Bhí gach caibideal bunaithe ar amhrán, rud a thug go leor de fhocail Raiftearaí chun cuimhneamh agus ba dheas an cleas é chun suim a spreagadh sna hamhráin féin. Cuireadh os ár gcomhair sa leabhar sonraí áirithe maidir le saol Raiftearaí nárbh eol dúinn cheana, a óige tragóideach, mar a chloígh an galar a chuid deartháireacha agus deifiúracha, an t-aighneas a bhí ann idir é féin agus na Callanáin agus an caidreamh a bhí aige lena bhean. B’é an rud ba thaitneamhaí faoin leabhar ná an léiriú ar an nimh a bhí idir na Callanáin agus Raiftearaí. Rinneadh cur síos drámatúil ar an achrann agus bhí na míreanna amhráin a léirigh an t-aighneas sin thar cionn. Thug na míreann sin carachtar Raiftearaí chun beochta. Pléadh chomh maith an stór focal álainn a bhí aige le cur síos a dhéanamh ar an nádúr a bhí mórthimpeall air chomh maith le ceird na fíodóireachta. Ardaíodh an cheist an mbeadh a leithéid ann murach an máchail a bhí air. Bhí an-phlé againn ar an oíche agus cinnte ba mhór an onóir dúinn an t-údar a bheith i láthair ar an oíche leis na ceisteanna a bhí ag dó na geirbe orainn a fhreagairt.



Eanach Dhúin ón gclár 'Mise Raiftearaí - An Fíodóir Focal' ar TG4.

0



Agus 2018 ar an bhfód bhuail muid le chéile tar éis na Nollag ar an Aoine, An tSraith Ar Lár le Máirtín Ó Cadhain.

16 Feabhra ag a 8 i.n., i dTigh  Mholly leis An tSraith ar Lár le Máirtín Ó Cadhain a phlé. Bhí C.L.E.A.S., Club Leabhar Eachtraíochta agus Sóisialta Bhaile Locha Riach, in éineacht linn ar an oíche. Bhí nia leis an gCadhanach, Máirtín ó Cadhain, mac le Seosamh Ó Cadhain, i láthair le broideadh a chur faoin bplé. Bhain na baill ón dá chlub an-sult as an oíche shiamsúil le chéile.


Tá an leabhar ar fáil ó www.CIC.ie agus ón siopa leabhar sa Spidéal.




Bhí Club Leabhar Chois Fharraige le chéile arís ar an gCéadaoin, Conaire Mór le Diarmuid Johnson. 13 Nollaig 2017 i Tigh Mholly ag a 9 a chloig leis an leabhar Conaire Mór le Diarmuid Johnson a phlé. Tá an leabhar ar fáil ó Leabhar Breac ar líne agus sa siopa leabhar sa Spidéal. Fáilte roimh bhaill nua i gcónaí


Éist anseo le Seán Ó Catháin ag labhairt le Deirdre Nic Chárthaigh, mac léinn PhD agus le hEoin McEvoy, teicneolaí oideachais faoin leabhar seo a bhfuair Leabhar Na Bliana ag Oireachtas Na Samhna 2017.






Bhuail Club Leabhar Chois Fharraige le chéile ar an 15 Samhain 2017 ag Pádraic Ó Conaire, Rogha Scéalta; roghnaithe ag Diarmuid de Faoite.a 7  i Leabharlann an Spidéil leis an leabhar Rogha Scéalta le Pádraic Ó Conaire a phlé. Bhí Diarmuid de Faoite a roghnaigh na scéalta don leabhar linn ar an oíche. Bhí an-oíche go deo againn le Diarmuid. Bígí ag léamh agus bígí linn.


Tá an leabhar ar fáil i siopa leabhar sa Spidéal, i bhfoirm ríomhleabhar ag an nasc seo  agus i leabharlann an Spidéil.