Is club leabhar Gaeilge muid atá suite i gCois Fharraige, Conamara. Casann muid le chéile ar an dara Céadaoin de gach mí i dTigh Mholly, Indreabhán. Ní gá duit ach leabhar na míosa a léamh roimh bualadh isteach chugainn le haghaidh comhrá agus deoch.

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 8 Bealtaine ag a 9 i.n leis an leabhar filíochta Tadhall le Pauline Nic Chonaonaigh a phlé. Tá duais Oireachtais buaite ag an saothar agus beidh sé á sheoladh sa Seanscoil Dé hAoine, 12 Aibreán ag a 8. Tá an leabhar ar fáil ó shiopa Chló Iar Chonnachta sa Spidéal.
Tadhall le Pauline Nic Chonaonaigh

 



An Choiste


Ról
Ball
CathaoirleachMáire Ní Mháille
RúnaíLucy Ní Mhuineog

Cisteoir

Seán Ó hAodha

Reachtaire Gréasáin

Tonaí Ó Roduibh

 Muireann Ní Chuív
 

Lisa Nic Dhoinnléibhe


Breandán

 

Liam