Is club leabhar Gaeilge muid atá suite i gCois Fharraige, Conamara. Casann muid le chéile ar an gcéad Céadaoin de gach mí i dTigh Mholly, Indreabhán. Ní gá duit ach leabhar na míosa a léamh roimh bualadh isteach chugainn le haghaidh comhrá agus deoch.

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an 12 Nollaig ag 8.30 Tigh Mholly leis an leabhar 'Dialann mo Mháthar' le Pádraic Breathnach a phlé. Beidh an t-údar linn ar an oíche buíochas le Foras na Gaeilge agus tá an leabhar ar fáil ar €2 ó Sheán ach glaoch ar 0879934484.


 



An Choiste


Ról
Ball
CathaoirleachMáire Ní Mháille
RúnaíLucy Ní Mhuineog
Cisteoir

Muireann Ní Chuív

Leas-Chisteoir

Seán Ó hAodha

Reachtaire Gréasáin

Tonaí Ó Roduibh

Grianghrafadóir

Lisa Nic Dhoinnléibhe